Digi Tech do Theangacha
Féinmheasúnú a dhéanamh ar do chleachtas digiteach agus é a fhorbairt i seomra ranga na dteangacha
Cabhrú le Múinteoirí Teanga
Tá Digi Tech do Theangacha, uirlis féinmheastóireachta, forbartha ag an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (JCT), an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) agus Teangacha Iar-bhunscoile na hÉireann (PPLI) chun cabhrú le múinteoirí teanga féinmheasúnú agus forbairt a dhéanamh ar a gcleachtas digiteach i seomra ranga na dteangacha.
Agus é spreagtha ag an doiciméad, Creat Foghlama Digití d’Iar-Bhunscoileanna agus fréamhaithe ann, cuidíonn Digi Tech do Theangacha le múinteoirí teanga agus le ranna NTI réimsí forbartha a aithint maidir le teicneolaíochtaí digiteacha agus uirlisí digiteacha a leabú ina modheolaíochtaí teagaisc.
